Jakez Riou
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1 Bealtaine 1899 Lothey, An Fhrainc |
| Bás | 14 Eanáir 1937 37 bliana d'aois Châteaubriant, An Fhrainc |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
| Áit adhlactha | Ploaré |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, filíocht, iriseoireacht agus prós |
| Suíomh oibre | An Bhriotáin |
| Gairm | scríbhneoir, file, iriseoir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Bhriotáinis |
| Saothar | |
| Suíomh a chartlainne | |
Ba scríbhneoir Briotáineach é Jakez Riou.[nóta 1] Rugadh é i sráidbhaile Kerwazh (Kervoas) i Lotei ar an 1 Bealtaine 1899. Fuair sé bás in aois a 37 ar an 14 Eanáir 1937 i gKastell-Briant (Bro-Naoned).[foinse?] Áirítear mar mhórscríbhneoir Briotáinise é, duine de "phlúr scríbhneoirí" a bhain le gluaiseacht nualitríochta a tháinig chun cinn i lár na 1920idí, Gwalarn [br].[1][2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Riou ina chainteoir dúchais Briotáinise as Lothei i gceantair Kerne.[2] Agus é dhá bhliain déag d'aois cuireadh chuig scoil Hondarribia i dTír na mBascach é. Bhí beirt fhear óg eile aige, Youenn Drezen agus Jakez Kerrien, a raibh aird na sagairt ina bparóiste orthu mar gheall ar a gcáilíochtaí sagartachta. Rinne an triúr díobh scríbhneoirí Briotáinise ní ba dhéanaí. Ansin, i 1916, chuaigh sé chun mainistreach bige an Chroí Ró-Naofa Pikpus i Miranda de Ebro i gcúige Burgos na Spáinne[3] agus d’fhill sé ar an mBriotáin i mí Aibreáin 1918. Bhí sé as baile ar feadh seacht mbliana.Chuaigh sé ar saoire agus bhuail slaghdán agus cineál galair scamhóg é san Alsáis. Nuair a d’fhill sé ón saoire, chuaigh sé chun cónaí lena dheirfiúr i Lokmaria-Berrien (Kerne-Uhel).[foinse?]
D’fhoilsigh sé scéalta agus eachtraí sa nuachtán Buhez Breiz [br], faoi stiúir Pêr Mokaer. Sa bhliain 1928, a bhuíochas dá chara Youenn Drezen, thosaigh sé a ghairm bheatha mar iriseoir san iris Le Courrier du Finistère [br], faoi stiúir René Cardaliaguet. Sa bhliain chéanna thosaigh sé ag comhoibriú leis an iris Gwalarn [br], faoi stiúir Roparz Hemon. Is fearr aithne air as a chuid gearrscéalta, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1934 faoin teideal Geotenn ar Werc'hez [br], agus a athfhoilsithe arís agus arís ó shin.[foinse?]
Cuirtear a chuid scríbhneoirachta i gcomparáid le saothar an Chadhnaigh ó thaobh stíle agus ábhair de. Luaigh an iarléachtóir le Briotáinis Éamon Ó Ciosáin "bríomhaireacht, súgradh is dáiríre agus coimhlint aicmeach" mar chosúlachtaí eatarthu:[2]
"Aithníodh máistreacht liteartha Jakez Riou ar an teanga lena bheo ..., an friotal an-saibhir, liriciúil a bhí aige agus súil an ealaíontóra sa chur síos ar dhúile beo agus tírdhreach na Briotáine. Tá idir chaint na ndaoine agus foirmeacha liteartha ina chuid scríbhneoireachta, ar an dul céanna leis an gCadhnach..."[2]
Fuair sé bás de dheasca na niúmóine in Ospidéal Kastell-briant. Tá Youenn Drezen tar éis ómós a thabhairt dá shaothar le halt fada dar teideal E Koun Jakez Riou ("I nDilchuimhne Jakez Riou"), a d'fhoilsigh Gwalarn.[foinse?]
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Morskouled (gearrscéal) Buhez Breiz [br] 1923
- An Manac'h Mogn (gearrscéal) Buhez Breiz 1924
- Lizer an hini Maro (gearrscéal) Le Courrier du Finistère [br] 1924
- Geotenn ar Werc'hez (gearrscéal) Gwalarn [br] Nn 13 1928
- Ur Barr-Avel (gearrscéal) Gwalarn Nn 14 1928
- Prometheus ereet (gearrscéal) Gwalarn Nn 15 1928 (i gcuimhne ar Jorj Robin)
- An Tousegi (dán) Gwalarn Nn 15 1928
- Ar Balafenned gwenn (dán) Gwalarn Nn 15 1928
- Gorsedd Digor (dráma) Gwalarn Nn 16 1928 (léirithe ag Michel Mohrt in aois 14)
- Introibo (dán) Gwalarn Nn 16 1928
- Yun (gearrscéal) Gwalarn Nn 17 1929
- Mona (gearrscéal) Gwalarn Nn 18 1929
- Balafenn (dán) Gwalarn Nn 19 1929
- Gouel ar Sakramant (gearrscéal) Gwalarn Nn 20 1929
- An ti Satanazet [br] (úrscéal) Le Courrier du Finistère 1930-1931
- Serr-noz (dán) Gwalarn Nn 29 1931
- Ar Feunteun zu (dán) Gwalarn Nn 66 1934
- Ar Run-Heol (gearrscéal) Gwalarn Nn 70 1934
- Anna Tregidi (dán) Gwalarn Nn 70 1934
- Ar goulenn (dán) Gwalarn Nn 70 1934
- Lan, embanner al ludu (gearrscéal) Gwalarn Nn 110-111 1938
- Arnev (gearrscéal) Gwalarn Nn 110-111 1938
- Tan war c'horre Kemenez (gearscéal) Gwalarn Nn 132 1941
- Pec'hed marvel Gregor Kogan (gearrscéal) Gwalarn Nn 132 1941
- Nomenoe-Oe ! (dráma), Eagrán téacs agus pictiúr, maisithe ag Pierre Péron, 1941 (ISBN 2867750458)
- Dogan (dráma) Skrid ha Skeudenn [br], 1943
- Heol (dán) Al Liamm [br] 1954
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Troiou kamm Alanig al louarn, aistriúchán gnáth-theanga ar Reineke Fuchs J.W. von Goethe (1794), Le Courrier du Finistère, 1929-1930.
- Torfed ar frer Juniper [br], aistrithe ó Herri Ghéon (Henri Vangeon), i bPemp pezh-c'hoari berr (Cúig dhráma gearra) Skridoù Breizh [br], 1944
Athchlónna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lizher an hini marv, Comhaontú Naomh Iltud 1925
- Geotenn ar Werc'hez (gearrscéalta) Skrid ha Skeudenn 1934
- Troioù-kamm Alanig al Louarn, Gwalarn Nn 89 1936 agus Gwalarn Nn 97 1936, maisithe ag Pêr Peron
- An ti Satanazet [br], Skridoù Breizh 1944
- Geotenn ar Werc'hez ha danevelloù all [br], Al Liamm, 1957
- Nominoe-Oe ! : Brud ha Mouladuriou Emgleo Breiz, 1970 Aber, 2010
- Dogan’, Aber, 2010
- Gorsedd-Digor, Aber, 2010
- An ti satanazet, An Alarc'h
- Troioù-kamm Alanig al louarn, An Alarc'h, 2011, léirithe ag Maël Verot (ISBN 978-2-916835-29-7)
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh Diskan – Agallamh i 2025, cnuasach dátheangach de ghearrscéalta de chuid Riou agus Mháirtín Uí Chadhain. Tá gach scéal sa chnuasach le léamh ann sa dá theanga os comhair a chéile.[1][2]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tugadh ainm Jakez Riou ar Scoil Diwan i gKemper.
- Tá roinnt sráideanna sa Bhriotáin ainmnithe i ndiaidh Jakez Riou : Brest, Kemper, Douarnenez, ar C'hastell-Nevez, Lotei, Plouzeniel.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Bridget Bhreathnach (2025-11-14). "Máirtín Ó Cadhain agus an Bhriotáinis, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-17.
- 1 2 3 4 5 Ciarán Lenoach (21 Samhain 2025). "Ó Cadhain agus 'a dhiongbháil Bhriotánach' tugtha le chéile i leabhar nua". Nuacht RTÉ. Dáta rochtana: 4 Nollaig 2025.
- ↑ Alan Dipode : Youenn Drezen – Ma zammig buhezig, Al Liamm niv. 317, Du-Kerzu 1999, pp. 24-34.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ar a dtugtar freisin i bhFraincis: Jacques Yves Marie Riou